TÁILLÍ

TÁILLÍ

Tá áthas orainn a chur in iúl duit go bhfuil na harduithe breise ar ráta do na scrúdaitheoirí scríofa agus scrúdaitheoirí béaltrialacha a gnOthaíodh do 2024 dearbhaithe do scrúduithe 2025.

Achoimre ar Ráta Íocaíochta do Scrúdaitheoirí Scríofa don tSraith Shóisearach agus don Ardteistiméireacht

I gcás na hArdteistiméireachta, agus íocaíocht dreasachta 2025 curtha leis, gheobhaidh scrúdaitheoirí go hiondúil idir €8,150 agus €11,495 ag brath ar an ábhar agus ar líon na scripteanna a mharcáiltear.

I gcás na Sraithe Sóisearaí, agus íocaíocht dreasachta 2025 curtha leis, gheobhaidh scrúdaitheoirí go hiondúil idir €5,124 agus €5,287 ag brath ar an ábhar agus ar líon na scripteanna a mharcáiltear.

Mar achoimre, gheobhaidh scrúdaitheoirí:

  • Táille riaracháin de €254.08
  • Táille comhdhála marcála de €254.08 (más bainteach)
  • An táille socruithe leasaithe de €254.08 i gcás na comhdhála marcála digití (más bainteach)
  • Táillí scripte a bhaineann le hábhair ar leith. An ráta do gach script a bhaineann le hábhair ar leith atá éagsúil ag brath ar chastacht an scrúdaithe agus an t-am a ghlacann sé gach script a mharcáil
  • 4.3% ón gComhaontú Ag Dul ó Neart go Neart a chuirtear lena bhfuil thuas 
  • €6 sa bhreis do gach script a mharcáiltear go sásúil ag an Ardteistiméireacht
  • €3 sa bhreis do gach script a mharcáiltear go sásúil ag an tSraith Shóisearach
  • Rátaí scripte níos airde do scripteanna breise a mharcáiltear os cionn na tairsí d’ábhair ar leith (más bainteach)
  • Le haghaidh 2025, táthar ag leanúint ar aghaidh leis an Íocaíocht Dreasachta um Earcaíocht agus Choinneáil de €900 le haghaidh Scrúdaitheoirí na hArdteistiméireachta agus €700 le haghaidh Scrúdaitheoirí na Sraithe Sóisearaí ar bhonn aonair.

Tabharfar tuilleadh mionsonraí duit nuair a cheaptar thú.

Achoimre ar Ráta Íocaíochta do Scrúdaitheoirí Scríofa don Ardteistiméireacht Fheidhmeach

Mar achoimre, gheobhaidh scrúdaitheoirí:

  • Táille riaracháin de €254.08 
  • Táille comhdhála marcála de €254.08 (más bainteach)
  • An táille socruithe leasaithe de €254.08 i gcás na comhdhála marcála digití (más bainteach)
  • Táillí scripte a bhaineann le hábhair ar leith. An ráta do gach script a bhaineann le hábhair ar leith atá éagsúil ag brath ar chastacht an scrúdaithe agus an t-am a ghlacann sé gach script a mharcáil
  • 4.3% ón gComhaontú Ag Dul ó Neart go Neart a chuirtear lena bhfuil thuas 
  • €6 sa bhreis do gach script a mharcáiltear go sásúil 
  • Rátaí scripte níos airde do scripteanna breise a mharcáiltear os cionn na tairsí d’ábhair ar leith (más bainteach)
  • Don bhliain 2025, tá an  Íocaíocht Dreasachta Earcaíochta agus Coinneála de €900 le haghaidh Scrúdaitheoirí na hArdteistiméireachta Feidhmí.

Tabharfar tuilleadh mionsonraí duit nuair a cheaptar thú.

Achoimre ar Ráta Íocaíochta do Scrúdaitheoirí Béaltrialacha don Ardteistiméireacht

Tá na rátaí pá do scrúdaitheoirí béaltrialacha 2025 mar a leanas. Iniata sna rátaí seo tá an €6 in aghaidh na scripte /teiste a ceadaíodh ar dtús in 2022 agus préimh c. €11 de bharr na dtrialacha a reáchtáil am Cásca. 

  • Gaeilge na hArdteistiméireachta Bonnleibhéal – €21.31 in aghaidh an iarrthóra (2019 ráta €7.00)
  • Gach Béaltriail eile – €28.55 in aghaidh an iarrthóra (2019 ráta €9.38) 
  • Táille don Socrú Athbhreithnithe : €254.08 in aghaidh ceapúcháin (2019 ráta n/a) 

Faigheann scrúdaitheoirí speansais thaistil freisin agus liúntais chothaithe chomh maith leis an méid thuas

Taisteal agus Cothabháil

Íoctar taisteal agus cothabháil i gcomhréir le rátaí reatha Taistil & Cothabhála na Roinne Caiteachais Phoiblí & Athchóirithe.

Rátaí Taistil agus Cothabhála na Foirne atá ar Conradh 2025

Tá an ráta taistil agus cothabhála i bhfeidhm ó 14 Nollaig 2023 mar seo a leanas:

Teidlíochtaí íocaíochta má tá an míleáiste níos lú ná 100km go dtí an ionad/Scoil/Comhdháil an Scrúdaithe

Is de réir fhad an turais idir an baile agus an t-ionad nó na hionaid ina gceaptar duine nó de réir fhad an turais idir an cheanncheathrú agus an t-ionad nó na hionaid ina gceaptar duine,cibé acu is giorra, a ríomhtar na costais taistil agus na liúntais chothabhála a íocfar. I gcás múinteoirí nach bhfuil ag fónamh, is de réir sheoladh an bhaile a dhéanfar iad a ríomh 

  • Ráta Lae Cothabhála (5-10 n-uair an chloig & 8 km ón teach): €17.92
  • Ráta Lae Fhada Cothabhála (10 n-uair an chloig nó níos mó): €42.99

Teidlíochtaí íocaíochta má tá an míleáiste níos mó ná 100km go dtí an ionad/Scoil/Comhdháil an Scrúdaithe

Is de réir fhad an turais idir an baile agus an t-ionad nó na hionaid ina gceaptar duine nó de réir fhad an turais idir an cheanncheathrú agus an t-ionad nó na hionaid ina gceaptar duine,cibé acu is giorra, a ríomhtar na costais taistil agus na liúntais chothabhála a íocfar. I gcás múinteoirí nach bhfuil ag fónamh, is de réir sheoladh an bhaile a dhéanfar iad a ríomh 

  • Míleáiste in aghaidh an Lae: tá rátaí míleáiste na RCPA i bhfeidhm.
  • Ráta Lae Cothabhála (5-10 n-uair an chloig & 8 km ón teach): €17.92
  • Ráta Lae Fhada Cothabhála (10 n-uair an chloig nó níos mó): €42.99
  • Ráta thar oíche (24 uair an chloig): €195.00

Ráta Lóistín Dearbhaithe (LD) Bhaile Átha Cliath

  • Fanfaidh an Ráta Lóistín Dearbhaithe mar na costais dhearbhaithe den lóistín suas go dtí teorainn den ráta caighdeánach thar oíche (€195.00) móide €42.99 (2 bhéile – Ráta 10 nUair an Chloig).
  • Ní mór do chostais lóistín agus an ráta LD á éileamh a bheith dearbhaithe.

Gaeilge