Tá Earcaíocht do Scrúdaitheoirí Scríofa 2024 oscailte anois

Foghlaim

Foghlaim faoin measúnú sna scrúduithe stáit. Féach conas a thuilltear nó a chailltear marcanna. Oibrigh le foireann scrúdaitheoirí a bhfuil taithí acu agus forbair do shaineolas ábhair.

Tuill

Tuill ioncam breise. larrtar ar scrúdaitheoirí do na scrúduithe scriofa ceangal a chur orthu fein ar feadh 26 lá d'obair lánaimseartha. Go hiondúil, is féidir le scrúdaitheoirí na Sraithe Sóisearaí dir €4,967.00 agus €5,125.00 a thuilleamh agus is féidir le scrúdaitheoiri na hArdteistiméireachta idir €7,900.00 agus €11,142.00 a thuilleamh de ghnath, ag brath ar an hábhair agus ar líon na scripteanna á marcáil.Tá Scrúdaitheoirí ag teastáil freisin do na béaltrialacha agus na scrúduithe praitciúla.

Fill

Fill ar do sheomra ranga agus saineolas méadaithe san ábhar agus léargas pearsanta agat ar phróiseas na scrúduithe. Cuireann taithí scrúdaithe le do scileanna teagaisc agus cuireann sí le do CV. Fill ar an marcáil sa bhlianta amach anseo le haghaidh deiseanna chun tuilleadh taithí a fháil in ábhair, leibhéil nó róil éagsúla laistigh de phróiseas na scrúduithe.

Bí i do scrúdaitheoir leis an CSS do scrúduithe na hArdteistiméireachta, na Sraithe Sóisearaí nó ATF

Trí bheith rannpháirteach sa chóras scrúduithe náisiúnta, is feidir le múinteoirí aonair tairbhe ghairmiúil agus airgeadais a bhaint as. Tá fáilte roimh na múinteoirí uile a bhfuil na cáilíochtaí cuí acu iarratas a dhéanamh. Roghnófar scrúdaitheoirí ar bhonn a gcuid taithí measúnaithe agus a gcuid cáilíochtaí. Cuirtear oiliúint iomlán ar fáil agus tá líonra a bhfuil tacaíocht leis ar fáil i rith phróiseas na marcála.

An gceapann tú go mbeadh spéis agat ann? Coinneoidh CSS do chuid sonraí agus cuirfidh sé in iúl duit faoi ghníomhaíochtaí earcaíochta. A luaithe a chuireann tú in iúl go bhfuil spéis agat, cuirfimid ríomhphost deimhnithe chugat a mbeidh nasc aige chuig na foirmeacha iarratais.

Cláraigh go bhfuil spéis agat ann anois

Baineann an méid seo a leanas le bheith i do scrúdaitheoir

Acmhainní

"D’fhoghlaim mé an méid sin ón marcáil a úsáidim anois le mo scoláirí féin"

“Ba mhór an cuidiú an t-ioncam a fuair mé ó na scrúduithe stáit a mharcáil do mo bhuiséad."

“Tá a fhios agam go bhfuil sé cothrom – mar gur oibrigh mé mar scrúdaitheoir, tá a fhios agam a fheidhmíonn an próiseas.”

If you would like more information, do get in touch with the State Examinations Commission by phone on 090 64 42700, or email: examiners@examinations.ie and we will be happy to help.

Fógra Príobháideachais maidir le Cosaint Sonraí

Tá an fógra príobháideachais ina bhfuil tuilleadh eolais leagtha amach faoi shonraí pearsanta a úsáid sa phróiseas seo le chéile le fáil ag an https://www.examinations.ie/data-protection/

Tá sonraí iomlána faoi pholasaithe um chosaint sonraí Choimisiún na Scrúduithe Stáit agus na Roinne Oideachais ar fáil ar https://www.examinations.ie/data-protection/

Gaeilge