TÁILLÍ
Le blianta beaga anuas tá méadú tagtha ar na rátaí a íoctar le scrúdaitheoirí scríofa, le scrúdaitheoirí béil agus le scrúdaitheoirí praiticiúla agus tá maoiniú breise faighte againn arís do na rátaí seo do 2023.
Ag baint lenár bhfeachtas earcaíochta a athsheoladh, táimid ag cur iarratasóirí ionchasacha ar an eolas faoi fheabhsú aonuaire leis na rátaí íocaíochta i mbliana i bhfoirm Dreasachta Earcaithe agus Coinneála Scrúdaitheoirí Scríbhneoireachta 2023. Is Íocaíocht breise de €900 é seo do scrúdaitheoirí scríofa na hArdteistiméireachta agus na hArdteistiméireachta Feidhmí agus Íocaíocht breise de €700 do scrúdaitheoirí scríofa na Sraithe Sóisearaí.
Achoimre ar Ráta Íocaíochta do Scrúdaitheoirí Scríofa
I gcás na hArdteistiméireachta, agus íocaíocht dreasachta 2023 curtha leis, gheobhaidh scrúdaitheoirí go hiondúil idir €7,721.00 agus €10,844.00 ag brath ar an ábhar a mharcáiltear.
I gcás na Sraithe Sóisearaí, agus íocaíocht dreasachta 2023 curtha leis, gheobhaidh scrúdaitheoirí go hiondúil idir €4,858.00 agus €5,010.00 ag brath ar an ábhar a mharcáiltear.
Mar achoimre, gheobhaidh scrúdaitheoirí:
- Táille comhdhála marcála de €235.28 (más bainteach)
- Táille riaracháin de €235.28
- Táille socruithe leasaithe de €235.28 i gcás na comhdhála marcála digití
- Táillí scripte sainiúla don ábhar
- Rátaí scripte níos airde do scripteanna breise a mharcáiltear atá os cionn thairseach shainithe an ábhair
- Cuimsíonn na rátaí thuas 5.07% faoin gcomhaontú Ag Dul ó Neart go Neart
- €6 sa bhreis do gach script a mharcáiltear go sásúil ag an Ardteistiméireacht
- €3 sa bhreis do gach script a mharcáiltear go sásúil ag an tSraith Shóisearach
- Ar bhonn aonuaire do 2023, déanfar an Dreasacht Earcaíochta agus Coinneála de €900 a íoc le haghaidh scrúdaitheoirí na hArdteistiméireachta agus €700 le haghaidh scrúdaitheoirí na Sraithe Sóisearaí
Tabharfar tuilleadh mionsonraí duit nuair a cheaptar thú.
Taisteal agus Cothabháil
Íoctar taisteal agus cothabháil i gcomhréir le rátaí reatha Taistil & Cothabhála na Roinne Caiteachais Phoiblí & Athchóirithe.
Rátaí Taistil agus Cothabhála na Foirne atá ar Conradh 2023
Tá an ráta taistil agus cothabhála i bhfeidhm ó mhí Mheán Fómhair 2022 mar seo a leanas:
Teidlíochtaí íocaíochta má tá an míleáiste níos lú ná 100km go dtí an ionad/Scoil/Comhdháil an Scrúdaithe
Is de réir fhad an turais idir an baile agus an t-ionad nó na hionaid ina gceaptar duine nó de réir fhad an turais idir an cheanncheathrú agus an t-ionad nó na hionaid ina gceaptar duine,cibé acu is giorra, a ríomhtar na costais taistil agus na liúntais chothabhála a íocfar. I gcás múinteoirí nach bhfuil ag fónamh, is de réir sheoladh an bhaile a dhéanfar iad a ríomh
- Ráta Lae Cothabhála (5-10 n-uair an chloig & 8 km ón teach): €16.29
- Ráta Lae Fhada Cothabhála (10 n-uair an chloig nó níos mó): €39.08
Teidlíochtaí íocaíochta má tá an míleáiste níos mó ná 100km go dtí an ionad/Scoil/Comhdháil an Scrúdaithe
Is de réir fhad an turais idir an baile agus an t-ionad nó na hionaid ina gceaptar duine nó de réir fhad an turais idir an cheanncheathrú agus an t-ionad nó na hionaid ina gceaptar duine,cibé acu is giorra, a ríomhtar na costais taistil agus na liúntais chothabhála a íocfar. I gcás múinteoirí nach bhfuil ag fónamh, is de réir sheoladh an bhaile a dhéanfar iad a ríomh
- Míleáiste in aghaidh an Lae: tá rátaí míleáiste na RCPA i bhfeidhm.
- Ráta Lae Cothabhála (5-10 n-uair an chloig & 8 km ón teach): €16.29
- Ráta Lae Fhada Cothabhála (10 n-uair an chloig nó níos mó): €39.08
- Ráta thar oíche (24 uair an chloig): €167.00
Ráta Lóistín Dearbhaithe (LD) Bhaile Átha Cliath
- Fanfaidh an Ráta Lóistín Dearbhaithe mar na costais dhearbhaithe den lóistín suas go dtí teorainn den ráta caighdeánach thar oíche (€167.00) móide €39.08 (2 bhéile – Ráta 10 nUair an Chloig).
- Ní mór do chostais lóistín agus an ráta LD á éileamh a bheith dearbhaithe.