Oiliúint Marcála Ar Líne
Réamhrá
Fáilte go dtí an leathanach oiliúna Marcála Ar Líne. Gheobhaidh tú anseo tacaíochtaí éagsúla chun cuidiú leat leis an gcóras marcála ar líne. San fhíseán seo a leanas, tugtar léargas ginearálta de phróiseas tipiciúil agus timpeallacht thipiciúil marcála ar líne.
Roimh an gcomhdháil, gheobhaidh tú ríomhphost gníomhachtaithe ó RM. Agus do chuntas marcála ar líne gníomhachtaithe agat, beidh tú in ann logáil isteach sa mhód le Cleachtadh a Fháil sa chóras marcála ar líne ag https://sec.assessor.rm.com. Féach leathanach a dó den leabhrán Ag Tosú Amach le bheith in ann tagairt dó.
Féach PDF de riachtanais córais anseo.
Sula ndéanann tú teagmháil leis an Rannóg Mharcála Ar Líne, moltar duit féachaint ar na Ceisteanna Coitianta ar dtús. Mura féidir do shaincheist a réiteach, tar éis féachaint ar na Ceisteanna Coitianta, déan teagmháil leis an rannóg Mharcála Ar Líne thíos. Chomh maith leis na gnátheisceachtaí a ardú trí RM Assessor, is féidir leat teagmháil a dhéanamh leis an Rannóg Mharcála Ar Líne chun na cineálacha saincheisteanna seo a leanas a réiteach:
- Ag logáil isteach agus saincheisteanna rochtana.
- Ní mheaitseálann uimhir an iarrthóra, samplaí:
- sa liosta oibre in Assessor agus ar an script
- ar an bpáipéar scríofa agus ar an bpáipéar cluastuisceana i bhFraincis, Gearmáinis agus Spáinnis
- ar an bpáipéar scríofa agus ar aon pháipéar forlíontach
- *Marcanna a chailleadh, gan a bheith in ann marcanna a shábháil, etc.
- *Fadhb leis an gcóras ag léim ar ais go dtí ceisteanna roimhe seo.
- *Fiosruithe/iarratais ón bhfoireann chomhairleach nó ón bhfoireann shinsearach scrúdúcháin maidir le dí-leithdháileadh scripteanna nó marcanna.
Agus teagmháil á déanamh agat leis an Rannóg Mharcála Ar Líne:
- Má tá seatanna scáileáin á gcur ar ríomhphost agat ina bhfuil aon eolas inaitheanta (mar shampla, scrúduimhir, ID freagartha, ainmneacha), beidh ort é a sheoladh i bhformáid chriptithe. Bain úsáid as an doiciméad Word criptithe atá curtha ar fáil chun na críche seo. Ná hathraigh an pasfhocal ar an doiciméad, mar ciallaíonn sé seo nach mbeidh an Rannóg Mharcála Ar Líne in ann é a oscailt.
- Cuir san áireamh sa doiciméad Word le do thoil an t-am agus an dáta a tharla an tsaincheist, agus cuir in iúl an brabhsálaí (Chrome, Edge, Firefox, Safari, etc.) ina bhfuil tú ag obair.
Tá foireann CSS ar fáil chun cuidiú le scrúdaitheoirí i rith na marcála chun tacaíocht theicniúil a chur ar fáil do Scrúdaitheoirí a bhaineann úsáid as an gcóras marcála ar líne. Is féidir teagmháil a dhéanamh le CSS ar ríomhphost nó ar an bhfón:
- 090 644 2461
- 090 644 2476
- onlinemark@examinations.ie
I rith mhí an Iúil, is iad seo a leanas uaireanta tacaíochta breise ag an deireadh seachtaine:
Dé Sathairn 8:00am – 2:00pm
Dé Domhnaigh 8:00am – 1:00pm
Físeáin Oiliúna
Is féidir leat féachaint ar na físeáin oiliúna thíos. Is féidir leat teacht ar na físeáin a bhainfidh leatsa liostaithe faoin ábhar atá á mharcáil agat.
Playlist
4:27
4:41
7:15
5:02
3:35
2:25
3:28
4:23
3:48
Playlist
4:27
3:48
5:37
5:02
3:35
2:25
3:28
4:23
3:48
Playlist
4:27
4:41
7:15
3:21
3:35
2:25
3:28
4:23
3:48
Playlist
4:27
4:41
5:37
3:21
2:25
3:28
4:23
Item #1
Playlist
4:27
4:41
7:15
5:02
3:35
2:25
3:28
4:23
3:48
Item #2
Item #3
Senior Examining Team only
Playlist
8:41
Treoracha Oiliúna
Is féidir leat an Leabhrán ‘Ag Tosú Amach’ a íoslódáil le haghaidh d’ábhair thíos
| Ábhair | Leabhrán |
| Leaving Certificate Geography, Classical Studies, German, Agricultural Science, Business, Economics, Technology, Home Economics, Physical Education and LCVP Link Modules; and for Examiners in Junior Cycle Classics History, Geography, German, Engineering, Business Studies, Home Economics, Science, Applied Technology, and Wood Technology; and for Examiners in Leaving Certificate Applied Graphics and Construction and Hotel Catering and Tourism. | Cur chun Siúil |
| This version is for Examiners in Leaving Certificate Biology, French, Mathematics, Gaeilge, Spanish, Music, Polish, Politics & Society, Applied Mathematics and Art; and for Examiners in Junior Cycle English, Gaeilge T1 and T2,Maths,French,Spanish,Music and Religious Education; and for Examiners in Leaving Certificate Applied English and Communications and Mathematical Applications. | Cur chun siúil |
| Is le haghaidh Scrúdaitheoirí na Ardteistiméireachta sna hábhair a leanas an leagan seo: Ceimic, Stair, Fisic, agus Cuntasaíocht. | Cur chun Siúil |
| This version is for Examiners in Leaving Certificate English, Engineering and Religious Education and Non Curicular Languages; and for Examiners in Leaving Certificate Applied Information and Communications Technology (ICT) and Personal Reflection Task (PRT). | Cur chun Siúil |
Tá Leabhrán ‘Bainistíocht Foirne’ don Fhoireann Shinsearach Scrúdúcháin thíos. ‘Team Management’ Booklet for the Senior Examining Team below.
| Ábhair | Leabhrán |
| Foireann Shinsearach Scrúdúcháin | Bainistíocht Foirne |