Eolas don Fhoireann ar Conradh

Eolas don Fhoireann ar Conradh

Déantar ceapacháin mar scrúdaitheoirí chun béaltrialacha, obair chúrsa agus scrúduithe scríofa a mharcáil, ar bhonn an eolais a sholáthraíonn na scrúdaitheoirí ar an bhfoirmeacha iarratais, agus tá sé faoi réir dheimhniú chruinneas an eolais seo.

Cuirfidh an Príomhscrúdaitheoir na gnéithe seo a leanas san áireamh nuair atá iarratasóirí oiriúnacha á moladh don chéad cheapachán i bpost ar leith. D’fhéadfadh cé chomh tábhachtach agus atá na gnéithe éagsúla a bheith difriúil ó ábhar go hábhar agus is faoi rogha an Phríomhscrúdaitheora é. Ní gá go gcuirfear ualú uimhriúil i bhfeidhm ar na gnéithe éagsúla agus ní gá go dtabharfaidh an Príomhscrúdaitheoir rátáil faoi na ceannteidil éagsúla. Ina lán cásanna, tabharfaidh an Príomhscrúdaitheoir breithiúnas iomlánaíoch ar na feidhmeanna bunaithe ar na gnéithe thíos. D’fhéadfadh gnéithe breise a bhaineann go sainiúil le hábhar teacht chun cinn in ábhair áirithe. Ina theannta sin, d’fhéadfaí tús áite a thabhairt d’iarratasóirí atá sásta agus atá in ann ábhar a mharcáil as Gaeilge.

I gcás scrúdaitheoirí na mbéaltrialacha, beidh ceapachán na ndaoine sin nár ghníomhaigh roimhe seo mar scrúdaitheoirí béaltrialacha sa teanga ábhartha faoi réir agallaimh chun a dheimhniú go bhfuil leibhéal inniúlachta sásúil acu sa teanga chun an ról a chomhlíonadh.

I gcás na scrúduithe scríofa, ar an dara scrúdú agus ar scrúdú ina dhiaidh sin d’aon siollabas nó sonraíocht, agus sula ndéantar na hiarratais uile eile a mheas, tairgfear do na scrúdaitheoirí a thug seirbhís shásúil sa bhliain roimhe sin, a bheith athcheaptha sa phost céanna, ach amháin mura bhfuil dóthain post ar fáil chun é seo a cheadú.

Glactar leis go gciallaíonn an téarma “sonraíocht” thíos “siollabas nó sonraíocht”.

Cáilíochtaí

  • Cláriaithe leis an gComhairle Mhúinteoireachta mar mhúinteoir den ábhar atá i gceist, nó go bhfuil cáilíocht aige/aici atá leordhóthanach dá leithéid de chlárú.
  • Cáilíochtaí breise (san ábhar nó i gcúrsaí oideachais).

Na iarratasóirí a bhfuil an cháilíocht riachtanach acu san ábhar ach nach bhfuil cáilithe mar mhúinteoirí go fóill, ní chuirfear iad san áireamh ach amháin má tá folúntais fós ann tar éis ceapachán a thairiscint do na hiarratasóirí uile atá oiriúnach agus láncháilithe.

Taithí teagaisc ábhartha

Taithí teagaisc i scoil dara leibhéal aitheanta

Breathnófar ar thaithí atá faighte le déanaí mar thaithí níos tábhachtaí ná taithí nach bhfuil faighte le déanaí. Tar éis deich mbliana de thaithí teagaisc chomhiomlán, ní chuirfear tuilleadh taithí san áireamh. Déantar taithí ábhartha a chatagóiriú mar seo a leanas.

  • Taithí ag teagasc na sonraíochta atá i gceist ag an leibhéal atá i gceist
  • Taithí ag teagasc na sonraíochta atá i gceist ag leibhéal eile (Ardleibhéal, Gnáthleibhéal, Bonnleibhéal)
  • I gcás sonraíochta nua nó sonraíocht atá ann le déanaí, taithí ag teagasc na sonraíochta roimhe seo ag an leibhéal atá i gceist
  • Taithí ag teagasc na sonraíochta roimhe seo ag leibhéal eile
  • Taithí ag teagasc an ábhair (nó ábhar comhfhreagrach) ar chlár eile (SS, AT, IB, ATF)
  • Taithí ag teagasc an ábhair atá i gceist ag an dara leibhéal i dtír eile (e.g., TGM (GCSE), A-leibhéal, BI (Baccalauréat Idirnáisiúnta))

Taithí teagaisc lasmuigh de scoil dara leibhéal aitheanta

Aon cheann eile a cheapann an t-iarratasóir a bheith ábhartha – tríú leibhéal, bunscoil, teagasc príobháideach (grúpa nó aonair), in Éirinn nó thar lear.

B’fhéidir go mbeidh gá ó am go ham leis na critéir seo a athrú chun an nádúr agus na riachtanais mheasúnaithe den chomhpháirt a léiriú a bhfuil scrúdaitheoirí á gceapadh le measúnú a dhéanamh orthu.

Taithí ábhartha mar scrúdaitheoir

Breathnófar ar thaithí atá faighte le déanaí mar thaithí níos tábhachtaí ná taithí nach bhfuil faighte le déanaí. Déantar taithí ábhartha a chatagóiriú mar seo a leanas.

Seirbhís shásúil mar scrúdaitheoir don CSS

  • Seirbhís shásúil mar scrúdaitheoir ar an tsonraíocht atá i gceist ag an leibhéal atá i gceist (ní bhaineann sé seo i gcás sonraíochta nua)
  • I gcás sonraíochta nua nó sonraíocht atá ann le déanaí, seirbhís shásúil mar scrúdaitheoir ar an tsonraíocht roimhe seo ag an leibhéal atá i gceist
  • Seirbhís shásúil mar scrúdaitheoir ar an ábhar atá i gceist ag leibhéal eile ar an gclár céanna
  • Seirbhís shásúil mar scrúdaitheoir ar an ábhar céanna nó ar ábhar comhfhreagrach ar chlár eile

Taithí mar scrúdaitheoir do bhoird scrúdaithe eile seachas an CSS

Ina n-áirítear boird stáit agus boird atá comhcheangailte le Comhchomhairle na gCáilíochtaí (JCQ); nach n-áirítear, mar shampla, soláthraithe bréagscrúdaithe.

  • Taithí mar scrúdaitheoir ar an ábhar atá i gceist ag leibhéal íseal nó ard meánscoile (e.g. TGM nó A-leibhéal)
  • Taithí mar scrúdaitheoir ar ábhar ar bith eile ag leibhéal íseal nó ard meánscoile

Eile

  • Aon cheann eile a cheapann an t-iarratasóir a bheith ábhartha

Critéir bhreise do phoist mhaoirseachta

Iarratasóirí atá á gcur san áireamh le bheith ceaptha mar scrúdaitheoir comhairleach (COMH), mar scrúdaitheoir comhairleach sinsearach (SCS), nó mar phríomhscrúdaitheoir comhairleach (PSC), déanfar iad a mheas ar an mbonn céanna le hiarratais le haghaidh post scrúdúcháin eile. Nuair a fhaightear amach go bhfuil siad i measc na buíne d’iarratasóirí oiriúnacha le haghaidh post scrúdúcháin, cuirfidh an Príomhscrúdaitheoir an t-eolas seo a leanas san áireamh agus é/í ag roghnú iad siúd atá le moladh le bheith ceaptha i bpoist mhaoirseachta.

  • Scileanna ábhartha, mar atá léirithe trí cháilíocht na feidhmíochta roimhe seo mar scrúdaitheoir, mar atá catagóirithe thuas
  • Cáilíocht na feidhmíochta roimhe seo mar COMH, SCS, nó PSC san ábhar atá i gceist ag leibhéal ar bith
  • Cáilíocht na feidhmíochta roimhe seo mar COMH, SCS, nó PSC in aon ábhar eile ag leibhéal ar bith
  • Taithí mar scrúdaitheoir ar an ábhar atá i gceist i gcumas maoirseachta do bhord scrúdaithe eile seachas an CSS, ag leibhéal íseal nó ard meánscoile (e.g., ceannaire foirne do scrúduithe TGM nó A-leibhéal)

I gcás na scrúduithe nua, ina bhfuil foirne nua iomlána cruthaithe i gceist, iarrfar ar iarratasóirí do na poist scrúdúcháin na poist ar mian leo go gcuirfear iad san áireamh a lua. I gcás aon scrúdaithe ina bhfuil uath-thairiscintí athcheapacháin i gceist, cuirfear na scrúdaitheoirí uile a mheastar a bheith oiriúnach le hathcheapadh, san áireamh go huathoibríoch le bheith ceaptha i bhfolúntais ag leibhéal maoirseachta sa réimse ábhair céanna.

Gaeilge