CEISTEANNA COITIANTA

CEISTEANNA COITIANTA

Trí pháirt a ghlacadh sa chóras scrúduithe náisiúnta, is féidir le múinteoirí aonair tairbhe a bhaint as go gairmiúil agus ó thaobh airgid de araon.

Tairbhís gairmiúla:

  • Cáilíocht do theagaisc a fhorbairt
  • Feabhas a chur ar an tuiscint atá agat ar an gcleachtas measúnaithe
  • Foghlaim faoin bpróiseas marcála
  • Do bhreithiúnas gairmiúil a chur i ngníomh
  • Líonrú a dhéanamh le comhghairmithe
  • Deiseanna le hardú céime a fháil go dtí róil scrúdaitheora níos sinsearaí
  • Do dheiseanna gairme a mhéadú agus feabhas a chur ar do CV
  • Ábhair nua/leasaithe san Ardteitiméireacht agus sa tSraith Shóisearach araon – deis iontach do mhúinteoirí a bheith rannpháirteach agus léargas a fháil i marcáil na scrúduithe seo den chéad uair.

Tá fáilte roimh na múinteoirí uile a bhfuil na cáilíochtaí cuí acu iarratas a dhéanamh ar na poist seo. Roghnófar scrúdaitheoirí ar an mbunús dá dtaithí agus cáilíochtaí teagaisc agus measúnaithe. Cuirtear oiliúint iomlán ar fáil agus tá líonra a bhfuil tacaíocht leis ar fáil i rith phróiseas na marcála.

Ní mór go mbeadh an méid seo a leanas ag iarratasóirí don phost:

  • Céim tríú leibhéal nó a comhionann a bheith acu
  • Taithí teagaisc le déanaí acu sa réimse ábhair iomchuí nó in ábhar gaolmhar
  • Scileanna eagrúcháin agus anailíseacha maithe a bheith acu
  • In ann obair a dhéanamh ar amscála socraithe
  • Ar fáil chun obair a dhéanamh go lánaimseartha i rith thréimhse na marcála
  • Ina gcónaí i bPoblacht na hÉireann i rith thréimhse na marcála.

I gcás na hArdteistiméireachta, agus íocaíocht dreasachta 2023 curtha leis, gheobhaidh scrúdaitheoirí go hiondúil idir €7,721.00 agus €10,844.00 ag brath ar an ábhar a mharcáiltear.

I gcás na Sraithe Sóisearaí, agus íocaíocht dreasachta 2023 curtha leis, gheobhaidh scrúdaitheoirí go hiondúil idir €4,858.00 agus €5,010.00 ag brath ar an ábhar a mharcáiltear.

Mar achoimre, gheobhaidh scrúdaitheoirí:

  • Táille comhdhála marcála de €235.28 (más bainteach) 
  • Táille riaracháin de €235.28 
  • Táille socruithe leasaithe de €235.28 i gcás na comhdhála marcála digití
  • Táillí scripte sainiúla don ábhar
  • Rátaí scripte níos airde do scripteanna breise a mharcáiltear atá os cionn thairseach shainithe an ábhair
  • Cuimsíonn na rátaí thuas 5.07% faoin gcomhaontú Ag Dul ó Neart go Neart
  • €6 sa bhreis do gach script a mharcáiltear go sásúil ag an Ardteistiméireacht
  • €3 sa bhreis do gach script a mharcáiltear go sásúil ag an tSraith Shóisearach
  • Ar bhonn aonuaire do 2023, déanfar an Dreasacht Earcaíochta agus Coinneála de €900 a íoc le haghaidh scrúdaitheoirí na hArdteistiméireachta agus €700 le haghaidh scrúdaitheoirí na Sraithe Sóisearaí

Tabharfar tuilleadh mionsonraí duit nuair a cheaptar thú.

Gaeilge