Tairseach Earcaíochta CSS

Tairseach Earcaíochta CSS

Tá áthas ar Choimisiún na Scrúduithe Stáit (CSS) a fhógairt go bhfuil iarratais oscailte anois don ról mar Scrúdaitheoir Praiticiúil le haghaidh Obair Chúrsa Eacnamaíocht Bhaile na hArdteistiméireachta do 2027.

Tá CSS ag tabhairt isteach áis earcaíochta nua ar líne trína thairseach earcaíochta nua ar líne, mar chuid dá chlár leanúnach um chlaochlú digiteach. Tá Tairseach Earcaíochta nua CSS ag teacht in ionad an phróisis earcaíochta páipéarbhunaithe agus hibrideach, rud a laghdaíonn páipéarachas agus a fhágann go bhfuil sé níos éasca agus níos áisiúla do mhúinteoirí iarratas a dhéanamh ar líne ag am agus áit a oireann dóibh.

Cuirfear fáilte roimh iarratais ó mhúinteoirí atá cáilithe go cuí. Más scrúdaitheoir thú atá ag filleadh nó duine atá ag iarraidh a bheith páirteach inár bhfoireann scrúdaitheoirí den chéad uair, tugaimid cuireadh duit d’iarratas a chur isteach inniu. 

Conas Iarratas a Dhéanamh

Ní mór iarratais a chur isteach tríd an tairseach earcaíochta nua de chuid CSS, seachas ar ríomhphost. Lean na céimeanna thíos, le do thoil:

Tabhair cuairt ar an Tairseach: Téigh chuig  secrecruitment.ie

Faigh Rochtain ar do Chuntas: Féadfaidh gach iarratasóir cuntas a chruthú.

Comhlánaigh do Phróifíl: Lean na treoracha sa tairseach chun do phróifíl iarratasóra a chomhlánú.

Cuir Isteach d’Iarratas: Roghnaigh an feachtas earcaíochta scrúdaitheoirí cuí, comhlánaigh an t-iarratas agus cuir isteach ar líne é.

Féach, le do thoil, an doiciméad “Tairseach CSS – Conas Iarratas a Dhéanamh” atá ceangailte ar leithligh, ina dtugtar treoir céim ar chéim d’iarratasóirí nua a bhfuil úsáid á baint acu as an tairseach earcaíochta nua ar líne.

Tacaíocht leis an Tairseach Earcaíochta Nua ar Líne

Ó tharla gurb é seo an chéad fheachtas earcaíochta atá á reáchtáil trí thairseach earcaíochta nua ar líne CSS, tá an-fhonn orainn a chinntiú go mbeidh eispéireas dearfach ag iarratasóirí agus go bhfaighidh siad cibé cúnamh a bheidh de dhíth orthu.

Chun tacú le hiarratasóirí sa chéad tréimhse reáchtála seo, beidh seirbhís tacaíochta tiomnaithe ó CSS ar fáil Dé Céadaoin, an 11 Samhain, agus Déardaoin, an 12 Samhain, idir 4.00 i.n. agus 8.00 i.n. gach tráthnóna.

Le linn na n-uaireanta sin, is féidir le hiarratasóirí teagmháil a dhéanamh linn go díreach ar an teileafón ag 09064 42866, 09064 42862 nó ar ríomhphost ag Practicals@examinations.ie le haon cheisteanna a bhaineann leis an bpróiseas iarratais. Beidh áthas ar ár bhfoireann ceisteanna a fhreagairt, cabhrú le haon deacrachtaí nó iarratasóirí a threorú céim ar chéim tríd an bpróiseas iarratais ar líne ar an teileafón, más gá.

Ó tharla gurb é seo an chéad fheachtas ina n-úsáidtear an tairseach nua, chuirfimis fáilte ar leith roimh do chuid aiseolais. Molaimid duit teagmháil a dhéanamh linn go díreach ar an gcéad dul síos má tá aon cheisteanna agat nó má bhíonn aon deacrachtaí agat, ionas gur féidir linn cúnamh a sholáthar agus aghaidh a thabhairt ar chúrsaí a luaithe agus is féidir.

Is mór againn do chomhoibriú agus do chuid aiseolais agus an tseirbhís nua seo á tabhairt isteach againn.

Dátaí Tábhachtacha

An Tréimhse Iarratais á hOscailt: 11 Samhain 2026 9.00am. 

An Dáta Deiridh d’Iarratais: 16 November 1.00pm.

I gcás go gceaptar thú, tabhair faoi deara, le do thoil, go bhfuil dátaí na comhdhála socraithe don 26 Samhain 2026 agus don 28 Samhain 2026. Eiseofar tuilleadh sonraí in am trátha.

Tá do thaithí agus do shaineolas thar a bheith tábhachtach chun cáilíocht agus sláine ár bpróisis scrúdaithe a choinneáil. Táimid ag tnúth le d’iarratas a fháil trínár dTairseach Earcaíochta Nua CSS.

Scrúdaitheoirí Scríofa

Tá an próiseas earcaíochta le haghaidh Scrúdaitheoirí Scríofa 2024 dúnta anois.Má tá suim iarratas a dhéanamh don bhliain seo chugainn tabhair faoi deara le do thoil go n-osclófar an próiseas iarratais arís in 2027. Má tá aon chabhair ag teastáil uait leis an bpróiseas nó má tá ceisteanna agat, is féidir leat teagmháil a dhéanamh le foireann na Rannóige Scrúdaitheoirí ag 090 644 2739, 2472, 2735 nó ar ríomhphost chuig examiners@examinations.ie

Cláir Foghlama L1 L2 na Sraithe Sinsearaí – Earcaíocht Bailíochtóra 2026

Tá an próiseas earcaíochta do bhailíochtóirí L1/L na Sraithe Sinsearaí 2026 dúnta anois. Má theastaíonn aon chúnamh uait leis an bpróiseas nó má tá ceisteanna ar bith agat, féadfaidh tú teagmháil a dhéanamh le foireann Rannóg L1/L2 ar an nguthán ag 090 644 2419, 2797, 2477 nó ríomhphost a sheoladh chuig SCL1L2@examinations.ie

Earcú Feitheoirí 2026

Tá an próiseas earcaíochta Feitheoirí le haghaidh 2026 dúnta anois. Mát á suim iarratais a dhéanamh don bhliain seo chugainn tabhair faoi deara le do thoil go n-osclófar an próiseas iarratais arís in 2027. Má tá aon chabhair ag teastáil uait leis an bpróiseas nó má tá ceisteanna agat, is féidir leat teagmháil a dhéanamh le foireann na Rannóige an Cheannfoirt ag 090 644 2789, 2791 2792 nó ar ríomhphost chuig superintendents@examinations.ie

Scrúdaitheoirí Béaltrialacha

Tá an próiseas earcaíochta le haghaidh Scrúdaitheoirí Béaltrialacha 2026 dúnta anois.

Má tá aon chabhair ag teastáil uait leis an bpróiseas nó má tá ceisteanna agat, is féidir leat teagmháil a dhéanamh le foireann na Rannóige Béaltrialacha ag 090 644 2743, 2748 nó ar ríomhphost chuig Orals@examinations.ie Orals@examinations.ie

Scrúdaitheoirí na hArdteistiméireachta Feidhmí 

Má tá aon chabhair ag teastáil uait leis an bpróiseas nó má tá ceisteanna agat, is féidir leat teagmháil a dhéanamh le foireann na Rannóg na hArdteistiméireachta Feidhmí ag 090 644 2728,2732 nó ar ríomhphost chigs LCA@examinations.ie

Sonraí bainc

Gaeilge