Foirm Iarratais
Scrúdaitheoirí Scríofa
Má tá aon chabhair ag teastáil uait leis an bpróiseas nó má tá ceisteanna agat, is féidir leat teagmháil a dhéanamh le foireann na Rannóige Scrúdaitheoirí ag 090 644 2739, 2472, 2735 nó ar ríomhphost chuig examiners@examinations.ie examiners@examinations.ie
Cláir Foghlama L1 L2 na Sraithe Sinsearaí – Earcaíocht Bailíochtóra 2026
Feidhmíonn Coimisiún na Scrúduithe Stáit sa ról mar Bhailíochtóir Seachtrach do Chláir Foghlama Leibhéal 1 agus Leibhéal 2 na Sraithe Sinsearaí (SC L1 L2) agus tá sé ina chomhlacht dámhachtana chun críocha deimhniúcháin.
Ba chóir gur múinteoirí a bhfuil taithí acu na hiarratasóirí ar an ról mar bhailíochtóirí CSS do na cláir SC L1 L2, gur múinteoirí iad a bhfuil na scileanna agus an t-eolas cuí acu chomh maith le tuiscint iomlán ar na cláir, lena n-áirítear a dtorthaí foghlama, critéir rathúlachta, straitéis mheasúnaithe agus nósanna imeachta. Tabharfar tús áite do mhúinteoirí atá ag soláthar na gclár seo faoi láthair.
Ceanglaítear ar bhailíochtóirí a gcuid ama agus a gcuid airde a dhíriú go hiomlán ar an obair le linn na tréimhse bailíochtaithe, a mhairfidh ar feadh seachtain amháin, ceaptar, i lár mhí na Bealtaine 2026. Ceanglaítear ar bhailíochtóirí freastal go pearsanta ar chomhdháil oiliúna aon lae, dul i mbun plé leis na scoileanna atá sannta dóibh agus cuairt a thabhairt orthu, agus a moltaí agus a dtuarascáil a chur isteach i ndiaidh gach cuairte scoile.
Le linn a gcuairteanna, beidh bailíochtóirí ag iarraidh plé leis an bhfianaise a sholáthraíonn scoileanna chun tacú leis an bpróiseas bailíochtaithe seachtraí, lena n-áirítear punanna scoláirí agus fianaise foghlama, chomh maith le fianaise ar phróisis bhailíochtaithe inmheánacha na scoileanna (cruinnithe athbhreithnithe múinteoirí).
Níl measúnú a dhéanamh ar obair na scoláirí mar chuid den ról atá ag bailíochtóir CSS.
Tá sé éigeantach go mbeidh gach duine a bheidh ag glacadh le post mar bhailíochtóirí CSS do 2026 agus do na blianta ina dhiaidh sin cláraithe ar Chlár na Múinteoirí atá á choinneáil ag an gComhairle Mhúinteoireachta, chun cloí leis an Acht um an mBiúró Náisiúnta Grinnfhiosrúcháin (Leanaí agus Daoine Soghonta), 2012.
Má theastaíonn aon chúnamh uait leis an bpróiseas nó má tá aon cheisteanna agat, is féidir leat teagmháil a dhéanamh le foireann Rannóg L1 L2 na Sraithe Sinsearaí ar an bhfón ag 0906442438, 2436, 2435 nó ar ríomhphost chuig SCL1L2@examinations.ie
Earcú Feitheoirí 2026
Déan teagmháil le: superintendents@examinations.ie (Suíomh Gréasáin: https://www.examinations.ie) nó tríd an bpost chuig: Coimisiún na Scrúduithe Stáit, Rannóg an Cheannfoirt, Corr na Madadh, Baile Átha Luain, N37 TP65, Co. na hIarmhí
Scrúdaitheoirí Trialacha Praiticiúla
Má tá aon chabhair ag teastáil uait leis an bpróiseas nó má tá ceisteanna agat, is féidir leat teagmháil a dhéanamh le foireann na Rannóige Phraiticiúil ag 090 644 2750, 2751 nó ar ríomhphost chuig Practicals@examinations.ie
Scrúdaitheoirí Béaltrialacha
Tá an próiseas earcaíochta le haghaidh Scrúaitheoirí Béaltrialacha 2026 dúnta anois.
Má tá aon chabhair ag teastáil uait leis an bpróiseas nó má tá ceisteanna agat, is féidir leat teagmháil a dhéanamh le foireann na Rannóige Béaltrialacha ag 090 644 2743, 2748 nó ar ríomhphost chuig Orals@examinations.ie Orals@examinations.ie
Scrúdaitheoirí na hArdteistiméireachta Feidhmí
Má tá aon chabhair ag teastáil uait leis an bpróiseas nó má tá ceisteanna agat, is féidir leat teagmháil a dhéanamh le foireann na Rannóg na hArdteistiméireachta Feidhmí ag 090 644 2728,2732 nó ar ríomhphost chigs LCA@examinations.ie